BUILLÍN NA STAIRE


Bainfidh gach duine a thagann go hÉirinn ar cuairt taitneamh as an arán sóide traidisiúnta. Bíonn sé ar fáil ó mhaidin go hoíche ar fud na tíre. Bíonn an t-arán sóide i gcónaí ar an mbiachlár i Soláthraithe Ceadaithe Dhea-Bhia Éireann. Ach cad as a tháinig sé? Conas ar éirigh an buillín simplí seo chomh tábhachtach mar bhia in Éirinn?Is dócha gur ó dhúchasaigh Mheiriceá a tháinig an t-arán sóide ar dtús. Nuair nach raibh giosta acu, d’úsáid siad sóid nó potais le harán a dhéanamh. Scaip an modh seo go tíortha na hEorpa.  Ar feadh na gcéadta bliain, bhí formhór na dteaghlach in Éirinn bocht agus bhí an bia gann.  Ní raibh caighdeán an chruithneachta go maith agus bhí drochphlúr ann dá réir – ach bhí sé maith go leor le buillín simplí a dhéanamh a chothódh an teaghlach. Cuireadh sóid agus bláthach (fotháirge den im) le chéile mar ghníomhaí ardaithe. Ba í an tsúil seachas na scálaí an uirlis a bhí ag bean an tí leis na comhábhair a mheascadh go cruinn.  Is ar éigean gur athraigh oideas ná modh déanta an aráin traidisiúnta ó shin.  Is beag teach in Éirinn a bheadh gan arán úr sóide nuair a thagann cuairteoirí. Tá an-éileamh ar arán sóide donn, bán, nó le torthaí. Cuirtear leis an oideas bunúsach le rogha mór comhábhar – agus úsáidtear plúr coirce nó gráin eile as réimse ilghnéitheach plúir atá ar fáil anois. Déantar an t-arán sóide go fóill leis an tsúil seachas le scálaí meáchain. Is í an ghloine pionta an tomhas a úsáideann Peter Ward, Gaeilgeoir líofa Country Choice san Aonach i dTiobraid Árann lena arán féin a dhéanamh. Tá a oideas ar fáil inár leathanach speisialta  d’oidis i nGaeilge.