GAEILGE AR PHLÁTA


Is dlúthchuid de theachtaireacht Dhea-Bhia Éireann séasúrthacht na mbianna. Trí úsáid a bhaint as táirgí an earraigh, an tsamhraidh, an fhómhair agus an gheimhridh, foghlaimímid faoin mbia is fearr is féidir a ithe. Ina shéasúr féin bíonn flúirse de bhia áirithe ann agus é saor dá réir. Nuair a itear bia ina shéasúr féin bíonn an blas agus an téagar is fearr ann don am sin bliana. San earrach bhíonn na huain ar fáil agus na chéad duilleoga sailéid.  Ar lá samhradh ní féidir sú talún nó sailéad úr portáin a itear amuigh faoin aer a shárú. Sa bhfómhar bíonn fáil ar úlla agus piorraí ó úllorda na hÉireann agus puimpcíní ó gharraíodóirí sainiúla. Agus le fuacht an gheimhridh a choinneáil amach, cuirtear feoil, glasraí fréimhe agus prátaí príomhbhairr na hÉireann in anraithí agus stobhaigh.  Tá dhá ionad i gCorcaigh ina bpóstar an tuiscint dhomhain seo ar chócaireacht shéasúracht le grá don Ghaeilge.I Nash 19 i Sráid an Phrionsa i gcathair Chorcaí, tá Claire Nash ag stocaireacht go tréan ar son bianna séasúrtha na hÉireann.  Tá líofacht aici sa Ghaeilge chomh maith mar atá ag bainisteoir na bialainne Mairéad.  Mar adeir Claire “Is breá linn Gaeilge a labhairt aon uair is féídir agus tá fógra agam ag an doras le fáilte a chur roimh Ghaeilgeoirí.   Sa Mhargadh Sasanach nach bhfuil ró–fhada uathu, tá an Farmgate Café, agus baineann Rebecca Harte, iníon Kay Harte, taitneamh as an Ghaeilge a úsáid i rith an lae mar bhainisteoir ar an mbialann. Cuirtear fáilte roimh chustaiméirí ar mhaith leo Gaeilge a labhairt. Tá an Farmgate Café suite os cionn an Mhargadh Shasanaigh, agus úsáideann siad táirgí as na stallaí thíos fúthu.Tá an bia agus an teanga ina suí go grástúil taobh le taobh sa dá Soláthraí Ceadaithe seo de chuid Dea-Bhia Éireann.