LABHRAÍTEAR GAEILGE ANSEO!


Is ceantar Gaeilge  é Iarthar an Chláir. Ciallaíonn sé sin go bhfuil príomhtheanga oifigiúil na hÉireann á húsáid go coitianta sa bhaile agus sna tabhairní, sna siopaí agus i ngnóthaí áitiúla eile. Tá cósta maorga ag an chuid seo den Chlár, le hAillte an Mhothair in aice láimhe, agus bailte agus sráidbhailte draíochtúla a thugann léargas ar Éirinn mar a bhí sí fadó.  Baile ar nós Lios Dúin Bhearna, lena chearnóg bheag néata, nach bhfuil i bhfad ón mhargadh ná ó na hailltreacha maorga sin. Tá an Burren Smokehouse agus an Roadside Tavern le fáil i Lios Dúin Bhearna, dhá ghnó a aithnítear mar Sholáthraithe Ceadaithe Dhea-Bhia Éireann. Tá bradán deataithe feirme agus orgánach agus éisc fhiaine farraige eile á dtáirgeadh ag Peter agus Burgitta Curtin ina dteach deataigh. Tá na táirgí go léir ar díol i siopa Burren Smokehouse ar an láthair, chomh maith le saothair cheardaíochta Éireannacha. Is féidir foghlaim faoi na traidisiúin a bhaineann le deatú éisc agus triail a bhaint as cuid de na táirgí a dhéantar.  Tá Peter ar a shuaimhneas ag labhairt Gaeilge agus tá corrfhocal ag Burgitta cé gur Sualannach í. Teach ilteangach! Tá gradaim gnóthaithe ag Burren Smokehouse agus tá a gcuid táirgí ar fáil i siopa ar líne Dhea-Bhia Éireann.