Caife Gaelach


Caife Traidisiúnta Gaelach – Meastar go coitianta gur cumadh an t-oideas don Chaife Gaelach i Meiriceá sna 1950í. Ach i ndáiríre chum cócaire i gcalafort Fhainge, Contae Luimnigh, an chéad oideas do chaife Gaelach sna 1930í. Bhíodh eitleáin ag tuirlingt i gcalafort Fhainge le líonadh le breosla roimh dhul trasna an Atlantaigh ón Eoraip. Tógadh Aerfort Idirnáisiúnta na Sionnaine ina áit in Iarthar na hÉireann. Theastaigh ó Joseph Sheridan, an cócaire a bhí i gceist, na paisinéirí a choinneáil te agus an breosla á chur san eitleán. Cumadh an caife Gaelach nuair a thuirling scata paisinéirí as Meiriceá ó bhád aeir de chuid Pan Am tráthnóna fuar geimhridh sna 1940í. Chuir Sheridan uisce beatha sa chaife leis na paisinéirí a théamh. Agus iad ag baint taitnimh as an gcaife, d’fhiafraigh na paisinéirí an caife na Brasaíle a bhí ann. D’fhreagair Sheridan gur caife Gaelach ba ea é. Mar sin a cumadh an caife Gaelach agus tá daoine ar fud an domhain ag baint taitnimh as an oideas don chaife Gaelach ó shin.Do dhuine amháinAm cócaireachta: 5 nóiméadComhábhair25ml/1un Uisce Beatha na hÉireann1 tsp siúcra cánach amh donn1 tsp carntha uachtar coipthe1 espresso dúbailte te le braon beag uisce te leis an ghloine a líonadhModh:Conas caife Gaelach a dhéanamh1. Tóg gloiní téite caife agus cuir isteach an t-uisce beatha2. Cuir an siúcra isteach le tuaslagadh san uisce beatha3. Cuir isteach an caife agus corraigh go maith.4. Buail an t-uachtar go héadrom ach déan cinnte gur féidir é a dhoirteadh.5. Déantar an t-uachtar buailte a dhoirteadh go cúramach thar droim spúnóige a choinnítear ar dtús díreach os cionn dromchla an chaife agus a ardaitear go réidh agus tú ag doirteadh, is ceart don uachtar snámh ar barr.6. Dáil agus bain taitneamh as an deoch clasaiceach fíor Éireannach seo.DáileadhDéantar Caife Gaelach a dháileadh mar dheoch iarphroinne nó leis féin le téamh suas oíche fhuar sa bhfómhar!View Irish Coffee Recipe in English